Blog

Comhchónaitheoirí agus an Dlí

By May 9, 2016 No Comments
images_blogimage1

Tuigimid uile go bhful tionchar ag an bpósadh ar ár stadas dleathach, ár gcearta comharbais, ar an phinsean agus ar an chain. Ní thuigeann gach éinne, áfach, go bhfeadfaí teacht faoi réir rialachán an Dlí Teaghlaigh fiú trí maireachtáil i lánúnas le duine eile.

Tháinig éifeacht leis An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010, ar an 1ú lá d’Eanair, 2011. Thug an tAcht seo scéim shásaimh isteach do dhaoine ag maireachtáil i lánúnas le chéile, nach bhfuil pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta.

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo chosaint éigin a thabhairt do comhchónaitheoir atá i gcleithiúnas an chomhchónaitheora eile ó thaobh airgeadais de, mas rud é go thagann deireadh leis an gcaidrimh de bharr báis nó idirscaradh. Dá réir sin, faoin scéim, is féidir leis an páirtnéir cleithiúnach an méid seo a leanas a iarradh ón chúirt:

  • Orduithe cothabhála
  • Orduithe coigeartaithe maoine
  • Orduithe coigeartaithe pinsin
  • Orduithe eile ar nós orduithe astaithe tuillimh
  • Go ndéanfaí soláthar cuí dóibhse as eastát pearsanta an pairtnéir mhairbh

An baineann an méid seo liomsa?

Ní cheartanna uathoibríodh iad na h-orduithe thuas. Chun ordú a dhéanamh, caithfidh an Chúirt a bheith sásta

ü  Go raibh sibh ag maireachtáil i lánúnas le chéile ar feach 5 bhliain, nó 2 bhliain má bhfuil páistí agaibh

ü  Go bhfuil duine amháin i gcleithiúnas an chomhchónaitheora eile ó thaobh airgeadais de

Cíorfaidh an Chúirt gnéithe eile den chaidrimh freisin, ar nós fad an chaidrimh, cearta doine eile (ar nós céile nó iar-chéile), ranníocaí no deonacháin uait fein nó ó do pháirtnéir, agus riachtanais airgeadais gach duine. Tá saoirse ag comhchónaitheoirí gan a bheith páirteach sa scéim seo, nó í a dhiúltú. Caithfear ‘Comhaontú Deonach’ a dhéanamh eadraibh chuige sin, tar éis comhairle dlí neamhspleách a fháil, nó tar éis comhairle dlí a fháil le chéile agus an ceart chun comhairle dlí neamhspleách a fháil a tharscaoileach i scríbhinn. Is féidir leis an Chúirt Comhaontú Deonach a a chur ar ceal i gcúinsí eisceachtúla, áfach.

Is féidir le Aturnaetha Hughes Murphy comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh Dlí Teaghlaigh in Éirinn.  Chuir glaoch orainn ar 1800 910 912, nó scríobh chugainn tríd an Foirm Teagmháil, chun níos mó eolas a fháil faoi Comhaontaithe Deonacha nó do chearta faoin dlí.